Eolas ginearálta
Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) á reáchtáil ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó bhí 2007 ann. Le freastal ar éileamh ó iarrthóirí, ó chéimithe agus ó fhostóirí in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta, rinneadh cinneadh in 2016 deis a thabhairt do mhic léinn an Dioplóma Iarchéime a mbeadh caighdeán sách ard acu, tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach.
Is cúrsa dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa sin. Tabharfar deis do na mic léinn a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir Meán Fómhair agus Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.
Glacfar le hiarratais ó mhic léinn reatha agus ó chéimithe de chuid an Dioplóma Iarchéime araon. Tá líon na n-áiteanna teoranta.
Spriocdháta d'iarratais: 31 Iúil
Dáta tosaithe: Meán Fómhair
Tá an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht (Ar Líne) á reáchtáil ag Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad ó bhí 2007 ann. Le freastal ar éileamh ó iarrthóirí, ó chéimithe agus ó fhostóirí in earnáil an aistriúcháin agus na heagarthóireachta, rinneadh cinneadh in 2016 deis a thabhairt do mhic léinn an Dioplóma Iarchéime a mbeadh caighdeán sách ard acu, tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach.
Is cúrsa dhá bhliain é an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht, agus bronnfar Dioplóma Iarchéime orthu siúd a bhainfidh an pasmharc de 60% amach ag deireadh an chúrsa sin. Tabharfar deis do na mic léinn a bhainfidh 65% nó os a chionn amach sa Dioplóma Iarchéime tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.
Glacfar le hiarratais ó mhic léinn reatha agus ó chéimithe de chuid an Dioplóma Iarchéime araon. Tá líon na n-áiteanna teoranta.
Bronnfar scoláireacht amháin, ar fiú táille iomlán an tráchtais í, ar an duine a bhfuil na torthaí is airde sa Dioplóma Iarchéime aige/aici as measc na n-iarrthóirí. Bronnfar leathscoláireachtaí, ar fiú leath na dtáillí iad, ar an mbeirt a thiocfaidh sa dara agus sa tríú háit.
Iarrataisl Lúnasa gach bliain
Dáta tosaithe: Meán Fómhar gach bliain
LCP6
- AISTRIÚCHÁN AGUS EAGARTHÓIREACHT (AR LÍNE)
|
Credits: 30
Not compulsory:
|
|
|
Module |
Code |
Credits |
Semester |
Compulsory |
|
|
TRÁCHTAS |
LC608 |
30 |
Year-Long |
|