|
Forléargas: Tabharfar deis do na mic léinn sin a bhainfidh an caighdeán cuí amach sa Dioplóma Iarchéime (65% nó os a chionn) iarratas a chur isteach le tráchtas a scríobh agus MA a bhaint amach. Is idir mí Mheán Fómhair agus mí Lúnasa, tar éis dóibh an Dioplóma Iarchéime a chríochnú, a bheidís ag gabháil don chéim bhreise sin.
Bheifí ag súil go scríobhfadh formhór na mac léinn tráchtas a mbeadh gné phraiticiúil ag baint leis, seachas díriú ar an teoiric amháin. Chuirfí fáilte roimh thráchtais den chineál seo thíos go háirithe, ach ní bheifí teoranta dóibh: - aistriúchán a dhéanamh ar bhuntéacs Béarla, tráchtaireacht a scríobh ar na dúshláin a tháinig chun cinn, na féidearthachtaí agus na roghanna éagsúla a bhí ann, agus na cinntí a rinneadh le linn an aistriúcháin, agus moltaí a dhéanamh a chuideodh le haistritheoirí eile agus iad ag dul i ngleic le dúshláin den chineál céanna i dtéacs den chineál céanna; - comparáid a dhéanamh idir téacs foinseach agus spriocthéacs, aiste chritice a scríobh faoin aistriúchán ina mbeadh an bhéim ar láidreachtaí, laigí agus moltaí feabhais, agus moltaí a dhéanamh a chuideodh le haistritheoirí eile an dea-chleachtas atá le feiceáil san aistriúchán a chur i bhfeidhm iad féin, agus teacht slán ar na laigí atá le feiceáil ann; - eagarthóireacht a dhéanamh ar bhuntéacs Gaeilge, tráchtaireacht a scríobh ar na dúshláin a tháinig chun cinn, na féidearthachtaí agus na roghanna éagsúla a bhí ann, agus na cinntí a rinneadh le linn na heagarthóireachta, agus moltaí a dhéanamh a chuideodh le heagarthóirí eile agus iad ag dul i ngleic le dúshláin den chineál céanna i dtéacs den chineál céanna; - athchóiriú a dhéanamh ar sheantéacs Gaeilge chun é a chur in oiriúint do léitheoirí na linne seo, tráchtaireacht a scríobh ar na dúshláin a tháinig chun cinn, na féidearthachtaí agus na roghanna éagsúla a bhí ann, agus na cinntí a rinneadh le linn an athchóirithe, agus moltaí a dhéanamh a chuideodh le heagarthóirí eile agus iad ag dul i ngleic le dúshláin den chineál céanna.
|