Courses / Module

Toggle Print

Module TEAGASC MACHNAMHACH

Module code: LC007
Credits: 5
Semester: Year-Long
Department: LÁRIONAD NA GAEILGE
International: No
Coordinator: Ailín Ní Chonchúir (LÁRIONAD NA GAEILGE)
Overview Overview
 

Cur síos ginearálta ar an modúl:
Déanfaidh rannpháirtithe tionscadal a bheidh bunaithe ar anailís a dhéanfaidh siad ar a gcuid teagaisc agus ar an aiseolas a fhaigheann siad faoina gcleachtadh teagaisc ón meantóir a bheidh ag obair leo.

Ábhar an mhodúil: Tionscadal leanúnach é seo a bheidh á dhéanamh sa dá sheimeastar le linn an chleachtaidh teagaisc. Beidh an chéad chuid le comhlíonadh i ndiaidh an chéad chuairt ar an seomra ranga agus beidh an dara cuid le comhlíonadh i dtreo dheireadh an chúrsa i ndiaidh an dara cuairt ar an seomra ranga.

Déanfaidh na rannpháirtithe plean ceachta don spriocghrúpa, déanfaidh siad anailís ar an gceacht ag baint úsáide as teimpléad a chuirfear ar fáil dóibh agus comhlíonfaidh siad sraith tascanna machnamhacha bunaithe ar an anailís a dhéanfaidh siad ar a gcuid teagaisc.

Gheobhaidh siad aiseolas ón meantóir a bheidh ag obair leo agus bunaithe ar an aiseolas sin agus ar thaifeadadh físe den seomra ranga, ullmhóidh siad plean forbartha dá gcuid teagaisc. Beidh machnamh scríofa le déanamh acu bunaithe ar a n-anailís féin, ar aiseolas ón meantóir, agus ar an bpíosa físe. Spreagfar na rannpháirtithe le machnamh ar leith a dhéanamh ar na difríochtaí idir an anailís thosaigh a dhéanann siad ar an rang agus an anailís a dhéanann siad i ndiaidh dóibh an taifeadadh a fheiceáil agus aiseolas a fháil.

Open Learning Outcomes
 
Open Teaching & Learning methods
 
Open Assessment
 
Open Autumn Supplementals/Resits
 
Open Timetable
 
Back to top Powered by MDAL Framework © 2022
V5.3.3 - Powered by MDAL Framework © 2022