|
Beidh 30 uair an chloig teagaisc le déanamh ag rannpháirtithe. Déanfaidh siad machnamh ar na ranganna a bheidh á múineadh acu ag baint úsáide as uirlisí pleanála agus féin-anailíse. Gheobhaidh siad aiseolas ó mheantóir a thabharfaidh 3 chuairt ar an seomra ranga ó chian, ag baint úsáide as an teicneolaíocht. Beidh an t-aiseolas sin mar bhunús le machnamh a dhéanfaidh siad chun forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas sa seomra ranga.
Ábhar an mhodúil: Déanfaidh rannpháirtithe 30 uair an chloig teagaisc i suíomh aosoideachais (ranganna do dhaoine fásta) agus cuirfidh siad cruthúnas ar fáil do na ranganna sin. Gheobhaidh siad 3 chuairt ar líne ó mheantóir a bheidh ag obair leo – is gá go mbeadh teacht acu ar an teicneolaíocht chuí chuige seo. Gheobhaidh siad aiseolas ón meantóir i ndiaidh an chéad agus an dara cuairt agus bronnfar grád orthu i ndiaidh an tríú cuairt. Cuirfidh siad plean forbartha le chéile i ndiaidh an chéad chuairt agus cuirfear an plean i bhfeidhm sna cuairteanna eile. Cuirfear an fhorbairt san áireamh agus an grád á bhronnadh. Beidh na meantóirí ag obair i gcomhar le stiúrthóir an chúrsa.
Ullmhóidh rannpháirtithe pleananna dá gcuid ranganna, taispeánfaidh said an t-ullmhúchán a bheidh déanta acu agus déanfaidh siad anailís ar éifeacht na ranganna. Beidh an t-ullmhúchán seo mar chuid den fhillteán teagaisc (LC007)).
|