|
Beidh deis ag rannpháirtithe foghlaim faoi ghnéithe éagsúla de mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge agus an méid a fhoghlaimíonn siad a chur i bhfeidhm ar a gcleachtas féin sa seomra ranga nó sa seomra ranga ar líne. Rachaidh rannpháirtithe i ngleic le hábhar an mhodúil seo trí Moodle agus glacfaidh siad páirt i gceardlanna agus i gcruinnithe ar líne chomh maith. Pléifear le topaicí éagsúla:
• An múinteoir teanga • An foghlaimeoir teanga • An Fráma Tagartha Comónta Eorpach • An siollabas teanga agus pleanáil siollabas • An rang teanga agus pleanáil ranga • Gníomhaíochtaí don seomra ranga • Léamh agus scríobh sa seomra ranga • An chaint agus foghraíocht • An chluastuiscint agus téacsanna físe • An ghramadach agus feasacht teanga
Cuirfear an t-ábhar i láthair i slite éagsúla - ag brath ar an topaic atá i gceist d’fheadfadh rannpháirtithe a bheith ag comhlíonadh réamh-thascanna machnaimh (scríofa nó taifeadta), ag féachaint ar fhíseanna, ag léamh, nó ag comhlíonadh tascanna scríofa. An aidhm a bheidh leis na tascanna ná cabhrú le rannpháirtithe ábhar na dtopaicí a chur in oiriúint dá gcleachtas féin sa seomra ranga. Beidh deis chomh maith ag rannpháirtithe freastal ar cheardlanna / cruinnithe ar líne, rud a thabharfaidh deis dóibh an t-ábhar a phlé, tacaíocht a fháil agus a dtaithí a roinnt le rannpháirtithe eile. Cuirfidh stiúrthóir an chúrsa uaireanta oifige ar fáil ar líne chomh maith chun tacaíocht bhreise a chur ar fáil.
|