TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE D'FHOGHLAIMEOIRÍ FÁSTA (AR LÍNE)
|
![]() | Details |
---|---|
Cúrsa ar líne atá anseo atá dírithe ar na riachtanais atá ag múinteoirí atá ag múineadh na Gaeilge aon áit ar domhan ag leibhéal ranga meánscoile, ollscoile nó aosoideachais (múineadh ar líne san áireamh). Pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc nuálacha, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Gheobhaidh rannpháirtithe smaointe agus straitéisí nua maidir le múineadh na scileanna cumarsáide. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna. Cúrsa páirtaimseartha ar líne atá i gceist a mhairfidh bliain acadúil. Is ar líne a bheidh ábhar an chúrsa á sheachadadh agus freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh cleachtadh teagaisc mar chuid den chúrsa chomh maith agus beidh deis ag rannpháirtithe tacaíocht agus aiseolas pearsanta a fháil maidir lena gcuid teagaisc.
|
![]() | Entry requirements |
---|---|
![]() | Additional information |
---|---|
![]() | How to apply |
---|---|
![]() | Course structure |
---|---|
![]() | Contacts |
---|---|
![]() | Career and postgraduate options |
---|---|