|
Díreofar ar scileanna na scríbhneoireachta gairmiúla agus leagfar béim ar leith, dá réir sin, ar na riachtanais a bhaineann leis an iriseoireacht, an scríbhneoireacht scripte agus an scríbhneoireacht léannta. Chuige sin, díreofar ar thascanna praiticiúla scríbhneoireachta d'fhonn taithí a fháil ar an scríbhneoireacht ghairmiúil i gcomhthéacsanna éagsúla. Beidh aoichainteoirí againn a bhfuil saineolas acu i réimsí éagsúla scríbhneoireachta, ina measc sin, Liam Mac Cóil, údar agus úrscéalaí, agus Pádhraic Ó Ciardha, iarLeascheannasaí TG4.
|