|
Is é is aidhm don mhodúl seo filíocht Ghaeilge an 19ú haois a phlé d’fhonn léargas a fháil ar ghnéithe de shochaí na hÉireann sa 19ú haois. Chuige sin, déanfar scagadh ar dhánta le Máire Bhuí Ní Laoghaire, Aodh Mac Domhnaill, Antaine Raiftearaí, Tomás Rua Ó Súilleabháin, i measc filí eile, chun tuiscint a fháil ar na téamaí seo go háirithe: • Seachadadh an traidisiúin agus an teacht aniar • Polaitíocht an 19ú haois • Tráma an Drochshaoil • An réabhlóid thionsclaíoch agus filíocht na n-imirceach • Amhráin ghrá agus saol na ngnáthdhaoine
|