Courses / Course

Toggle Print

Undergraduate TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE D'FHOGHLAIMEOIRÍ FÁSTA (AR LÍNE)

Qualification: TEASTAS I MÚINEADH NA GAEILGE D'FHOGHLAIMEOIRÍ (AR LÍNE)
Award Type and NFQ Level: CERTIFICATE LEVEL 6
Course code: TMGDF
CAO/PAC code: MH83C
Points: n/a
QQI: Yes click here for details
Closing date: 29 May 2024
Details Details
 

Cúrsa ar líne atá anseo atá dírithe ar na riachtanais atá ag múinteoirí a bhíonn ag múineadh Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta ar líne agus sa seomra ranga.  Ní cúrsa teanga é an cúrsa seo, áfach, is cúrsa é i múineadh na Gaeilge – pléifidh an cúrsa le modheolaíochtaí teagaisc, leis an dea-chleachtas i múineadh teangacha agus le scileanna praiticiúla don seomra ranga. Tá sé oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon taithí teagaisc acu, dóibh siúd ar bheagán taithí, agus dóibh siúd atá ag múineadh na Gaeilge le fada ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna. 

Cúrsa páirtaimseartha ar líne atá i gceist a mhairfidh bliain acadúil. Is ar líne a bheidh ábhar an chúrsa á sheachadadh agus freastalóidh rannpháirtithe ar cheardlanna agus ar chruinnithe ar líne chun tacú leo dul i ngleic leis an ábhar. Beidh cleachtadh teagaisc mar chuid den chúrsa chomh maith agus beidh deis ag rannpháirtithe tacaíocht agus aiseolas a fháil maidir lena gcuid teagaisc.

 

 

 

 

 

 

 

 

Open Entry requirements
 
Open Additional information
 
Open How to apply
 
Open Course structure
 
Open Contacts
 
Open Career and postgraduate options
 
Back to top Powered by MDAL Framework © 2022
V5.3.3 - Powered by MDAL Framework © 2022