Struchtúr an Chúrsa
Is é aidhm an MA againn go gcuirfidh mic léinn eolas domhain ar roinnt gnéithe de theanga, de chultúr agus de litríocht na Nua-Ghaeilge (ó 1200 AD i leith) agus go mbeidh saineolas acu ar réimse amháin díobh sin de bharr a gcuid taighde.
Tá ceithre chonair ar fáil do mhic léinn mar chuid den MA Nua-Ghaeilge:
- Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
- Litríocht agus Critic
- Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
- An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Seo hiad na cóid ar an gcóras PAC ar líne le cur isteach ar aon cheann de na roghanna 1-4 thuas: MHU50 Lánaimseartha NÓ MHU51 Páirtaimseartha.
Tá tuilleadh eolais faoi na sruthanna MA thuas le fáil ar shuíomh idirlín Roinn na Nua-Ghaeilge.
Duration: 1 bhliain lánaimseartha
Disclaimer
The modules below are indicative of the content associated with this course of study.
The modules are subject to change as the curriculum is revised and reviewed annually. Please check periodically for updates.
|
Year 1
|
|
Eolas faoin gCúrsa Is féidir an chéim seo a dhéanamh go lánaimseartha (bliain amháin) nó go páirtaimseartha (dhá bhliain). Trí mheán scrúduithe agus tionscnaimh taighde a dhéantar obair na mac léinn a mheas. Bíonn deis ag mic léinn tabhairt faoi thograí sa chleachtas cruthaitheach i réimse na dtaibhealaíon, an traidisiúin bhéil, agus/nó na scríbhneoireachta cruthaithí mar chuid den chúrsa chomh maith más mian leo. Chomh maith leis seo, bíonn rogha ag an mac léinn idir tráchtas (NG699) agus togra sa taighde ealaíonta (NG637). Tá roghanna iontacha ann do mhic léinn sa chúrsa seo laistigh de na conairí éagsúla atá ar fáil dóibh: - Cruinneas, Saibhreas, agus Cumarsáid (Na Meáin)
- Litríocht agus Critic
- Taibhealaíona agus Traidisiúin Bhéil na Gaeilge
- An MA Nua-Ghaeilge ginearálta
Notes:
1. Ní mór do gach mac léinn clárú do NG699 (Tráchtas/Thesis) NÓ NG637 (Togra sa Taighde Ealaíonta)
Students must register for either NG699 (Tráchtas/Thesis) or NG637 (Togra sa Taighde Ealaíonta).
2. Students must check with the Head of Department before registering for any modules that are not delivered in Irish.
NGE600
- NUA GHAEILGE
|
Credits: 90
Not compulsory:
|
|