|
Taighde ealaíonta trí mheán na Gaeilge in aon ghné nó réimse d’ealaíona traidisiúnta nó comhaimseartha na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar shampla an ceol, an amhránaíocht, an damhsa, an traidisiún béil, an amharclannaíocht, an scannánaíocht, an scríbhneoireacht chruthaitheach, nó aon ábhar cruthaitheach oiriúnach eile. Bíonn ionad lárnach ag an gcleachtas cruthaitheach sa taighde ealaíonta agus mar sin bíonn an ghné phraiticiúil go mór chun cinn. Déanfar an togra a dhearadh de réir riachtanaisí an taibhléirithe nó na n-ealaíon cruthaitheach i gcomhpháirt leis an bhfoireann stiúrthóireachta. De ghnáth bíonn cuid scríofa agus cuid phraiticiúil i gceist, ach tá an-solúbthacht ann maidir le dearadh an togra.
|