|
Déanfar cíoradh ar thaibhealaíona agus ar thraidisiúin bhéil na Gaeilge idir theoiric agus chleachtas, agus forbrófar tuiscint na mac léinn ar Léann an Taibhléirithe agus ar Léann na Béalaireachta sa mhodúl. Gheobhaidh na mic léinn cur amach praiticiúil ar thraidisiúin bhéil agus ar thaibhealaíona na Gaeilge chomh maith, agus forbrófar scileanna anailíse agus cumas cruthaitheach na mac léinn in aonacht dá réir sin. Beidh rogha ag an mac léinn gnéithe praiticiúla a bhaineann leis na healaíona traidisiúnta agus/nó comhaimseartha a chur i gcrích mar chuid de mheasúnú an mhodúil seo agus beidh deis ann dá réir do mhic léinn a gcleachtais chruthaitheacha féin a chur chun cinn trí mheán na Gaeilge. Cuirfear teagasc an mhodúil seo i gcrích ar líne más gá ag brath ar riachtanaisí sláinte agus slandála i gcomhtheacs paindéime.
|