|
Féachfar le cruinneas teanga an mhic léinn a fhorbairt ag leibhéal iarchéime. Leagfar béim, dá réir sin, ar ghnéithe faoi leith d’fhuaimniú agus de scríobh na Gaeilge. Pléifear go mion sleachta éagsúla Gaeilge ó thaobh na brí agus na gramadaí. Díreofar ar roinnt áiseanna cuí leictreonacha/ téacsanna a chuideos leis an mac léinn dul i dtaithí ar bhlas agus ar dhul ceart na Gaeilge. Iarrfar ar an mac léinn cleachtaí cuí agus aistriúcháin ar ábhair éagsúla a réiteach – is orthu seo a bhunófar marc an mheasúnaithe leanúnaigh.
|