On successful completion of the module, students should be able to:
-
I ndiaidh don mhac léinn an modúl seo a chríochnú bheifí ag súil go mbeadh ar a chumas cur síos go soiléir ar ábhair a bhaineann leis an eisimirce, an imirce intíre, agus an imirce shéasúrach
-
I ndiaidh don mhac léinn an modúl seo a chríochnú bheifí ag súil go mbeadh ar a chumas plé criticiúil a dhéanamh ar réimsí eolais a nochtaítear don léitheoir comhaimseartha i litríocht na himirce
-
I ndiaidh don mhac léinn an modúl seo a chríochnú bheifí ag súil go mbeadh ar a chumas idirdhealú soiléir a dhéanamh idir seánraí éagsúla scríbhneoireachta i ndioscúrsa na himirce
-
I ndiaidh don mhac léinn an modúl seo a chríochnú bheifí ag súil go mbeadh ar a chumas téamaí agus íomhánna coitianta i litríocht na himirce a aithint agus a phlé
-
I ndiaidh don mhac léinn an modúl seo a chríochnú bheifí ag súil go mbeadh ar a chumas samplaí ón litríocht a roghnú agus a phlé; samplaí a chaithfidh solas ar éifeacht na himirce ar phobail éagsúla Gaeltachta