|
On successful completion of the module, students should be able to:
-
Feasacht chultúrtha: Beidh taithí ag an mac léinn ar na foinsí nuachta agus ar na meáin a bhaineann leis an nGaeilge.
-
Smaointeoireacht chriticiúil: Beidh machnamh déanta ag an mac léinn ar chineál agus ar chaighdeán na hiriseoireachta a bhaineann le foinsí éagsúla nuachta. Beidh sé/sí in ann scéalta nuachta a mheas go criticiúil.
-
Léamhthuiscint & Cluastuiscint: Beidh an mac léinn ábalta ailt agus míreanna raidió agus teilifíse a bhaineann le cúrsaí reatha agus fadhbanna sóisialta a thuiscint i nGaeilge, agus iad a mheas go criticiúil.
-
Labhairt: Beidh an mac léinn ábalta labhairt ina (h)aonar (m.sh. cur i láthair a dhéanamh nó podchraoladh a thaifeadadh) agus páirt a ghlacadh i gcomhráite, faoi thopaicí a bhaineann le cúrsaí reatha agus fadhbanna sóisialta. Beidh sé/sí in ann plé a dhéanamh ar an gcúis atá le fadhb, ar an tionchar a bhíonn aici agus réitigh éagsúla a mholadh agus a mheá. Beidh sé/sí in ann tuairimí a thabhairt, a mhíniú agus a chosaint.
-
Scríobh: Beidh an mac léinn ábalta alt nuachta a scríobh, bunaithe ar shuirbhé, nó ar alt eile atá léite aige/aici, agus sleachta a bhaineann le cúrsaí reatha agus fadhbanna sóisialta a aistriú go cruinn.
-
Stór focal: Beidh an mac léinn ábalta an stór focal a bhaineann le cúrsaí reatha agus fadhbanna sóisialta (atá leagtha amach i lámhleabhar an chúrsa) a thuiscint agus a úsáid mar is cuí.
-
Gramadach: Beidh an mac léinn ábalta na struchtúir ghramadaí seo a leanas a láimhseáil: struchtúir a úsáidtear go minic i gcúrsaí nuachta (m.sh. an briathar saor, an aidiacht bhriathartha, an modh coinníollach, an clásal coibhneasta, frásaí ama, srl.) agus na pointí gramadaí a chlúdófar i léachtaí NG311 (an chopail, an t-ainm briathartha, dobhriathra, an t-ainm teibí).
-
Gramadach: Beidh feasacht teanga forbartha ag an mac léinn, ionas go mbeidh sé/sí in ann a c(h)uid botún féin nó botúin daoine eile a aimsiú agus a cheartú.
|