|
Pléifear gnéithe éagsúla d’oidhreacht Ghaelach Thuaisceart Laighean agus Chúige Uladh, i dtréimhse na Nua-Ghaeilge (1650-1900) go háirithe. Scrúdófar fianaise na logainmneacha áitiúla, agus míneofar an tábhacht a bhaineann leo. Déanfar grinnscrúdú ar shaothrú na lámhscríbhinní i roinnt contaetha ar leith, ar bheathaisnéisí na scríobhaithe mór le rá, agus ar na gréasáin liteartha ina mbídís páirteach. De bhreis air seo, múinfear cúrsa tosaigh ar phaileagrafaíocht na lámhscríbhinní; agus déanfar roinnt téacsanna simplí a léamh agus a thras-scríobh as na lámhscríbhinní iad féin.
|