|
Tabharfaidh an modúl seo radharc ar chanóin filíochta Mhichael Davitt san fhichiú haois, agus go háirithe ar an leoithne úr filíochta a bhronn sé, i dteannta a chomhfhilí INNTI, ar phobal na Gaeilge. Díreofar ar an dioscúrsa filíochta roimh, agus i ndiaidh, do Davitt dul i mbun pinn. Déanfar grinnléamh ar chuid dá shaothar, agus luach na filíochta sin a mheas go comparáideach. Tabharfar aghaidh ar shaol agus obair eagarthóireachta Davitt a chur i gcomhthéacs, agus na buanna pearsanta a raibh tionchar acu ar a chuid filíochta a phlé.
|